Lascia la tua opinione

Commenti
#3  
16:09, 08 febbraio, 2008

Sa bhliain 1937 - oct mbliana is dachad o shin rinne me an Ard Teist. Sa rang cheanna liom bhi Tomas MacConmara (RIP), Croisin, Gearoid Roseingrave o Ballyline, Gearoid O Comain o Chill na Mona, Caoimhin O Coilean o Lios Ui Chathasaigh agus a lan eile. Bhiomar ag freastal ar Mhean Scoil na mBraithre Criostai in Inis. An Brathair O Maoldomhnaigh (RIP) a bhi mar Uachtaran ag an am sin. D'eirigh go geal linn sa scrudu agus bhi an t-adh liom gur glaodh orm go dti Colaiste Oiliuna de la Salle i bPortlairge ag ullmhu chun bheith im' mhuinteoir naisiunta.
Sa bhliain 1939 thainig me amach as an gColaiste-Oiliuna oilte mar mhuinteoir naisiunta. Ag an am sin bhi a lan muinteoiri diomhaoin - ni raibh post le fail - direach mar ata se anois. Bhi se chomh h-olc sin go raibh muinteoiri ag obair ar na boithre, agus shiuil na ceadta diobh go Baile Atha Cliath chun iachall a chur ar an Rialtas, postanna a chur ar fail dos na muinteoiri a bhi ceal oibre.

I mean Fomhair, 1939 fuair me post i Scoil na mBrathar, Inis. An Br. O Lionain a bhi mar Phriomh Oide agus chuir se ar bhothar mo leasa me. Threoraigh se an muinteoir og, agus

Bhi folluntas i nGort Lomain do Phriomh-Oide. Le fada de bhlianta bhi me ag smaoineamh ar an la a gheobhainn a leitheid de phost i nGort Lomain. Bhi speis an-mhor agam i nGort Lomain, mar bhi "mo phreamha" ann. Ann a rugad muintir mo mhathar agus chaith m'athair tamall mar scolaire i Scoil Naisiunta Gort Lomain.

Chuir me iarratas isteach don phost mar Phriomh Oide. An t-Athair Tomas O Bradaigh a bhi mar shagart Paroiste ag an am. Fuair me an post, buiochas le Dia agus ce go raibh bron orm ag fagail Scoil na mBrathar bhi athas an domhain orm anois go raibh an post i nGort Lomain faighte agam. Bhi me ag feitheamh go foighdeach leis an la mor lu Mean Fomhair nuair a bheadh me ag tosu sa scoil tuaithe seo tar-eis se bhliain deag a chaitheamh i Scoil Baile Mhoir.

Sa deire, thainig an la mor. Bhi rothar nua ceannaithe agam - ni raibh an t-airgead agam chun gluaistean a cheannach ce nach raibh ach cupla cead punt ar ghluaistean sa bhliain 1955.

Shrois me an scoil an mhaidin sin agus bhi Brid Bean Ui Ogain (RIP) agus a h-inion Maire ag feitheamh liom chun failte a chur romham. Bhi an bheirt diobh mar chuntoiri sa scoil. Isteach liom go dti mo sheomra ranga. Seomra beag a bhi ann agus leath na suile orm nuair a chonaic me na buachailli agus na cailini a bhi ar na binsi. Nior mhuin me cailini riamh, ach deirim-se go firinneach go raibh siad ar fheabhas, agus an-tugtha do'n oideachas. Bhi na buachailli go h-iontach freisin, agus an rud a chuir ionadh ar fad orm na caighdean na Gaeilge. Bhi labhairt agus scriobh na Gaeilge an-mhaith ar fad. Thaitin se sin go mor liom mar bhi gra mor agam do'n Gaeilge. Rinneamar gach abhar tre Gaeilg-Uimhriocht, Stair, Tir Eolaiocht agus gnath-chaint na scoile. Mhol na cigiri na daltai toisc go raibh siad ag deanamh gach abhar tre Ghaeilg. Lean an sceal mar sin sa scoil go dti gur threig na Mean Scoileanna in Inis an muineadh tre Ghaeilg agus ni raibh aon dul as againn ach an rud ceanna a dheanamh. Bhi dioma orainn.

Ni raibh me ro-fhada sa scoil nuair a fuair me amach go raibh feith an cheoil go laidir sa scoil agus go raibh gach dalta, beagnach, i ndan canadh a dheanamh. Bhi a fhios agam go mbiodh Coracha o Ghort Lomain fe stiuru an t-sean Mhaistir Micheal O Riordain (RIP) ag glacadh pairt ins na feiseanna in Inis, ins na fichidi agus go mbaineadh siad an chead ait amach gan dua. Lean me leis an dea obair agus ni fada go raibh Cor Scoile maith againn a fuair ard-mholadh on gCigire Cheoil. Thug an Cigire cuireadh duinn pairt a ghlacadh i gCor Fheile i gCathair Luimni. Chuamar ann agus fuaireamar an-bhualadh bos ar fad.

Is cuimhin liom an la go raibh orainn na daltai a bhi ag dul fe laimh an Easpaig a thabhairt go Cuinche. Ni raibh aon Easpag i bhfairche Cill da Lua, o fuair an t-Easpag mac Ruairi bas. Bhi an t-Easpag O Riain o Cluain Fearta ag teacht go Cuinche chun paisti Cuinche agus Gort Lomain agus paroisti eile a chur fen a laimh. Nuair a shroiseamar Seipeal Chuinche fuair me amach nach raibh aon chor ann do'n Aifreann. Fiu amhain, ni raibh einne ann chun seinm ar an organ. Ach molaim-se go h-ard paisti Gort Lomain. Chuir me scata diobh le cheile, agus chan siad an t-Aifreann go deas binn agus gan cleachtadh ar bith deanta acu.

Mar is eol d'einne i nGort Lomain, ta pairc an-dheas taobh thiar de'n scoil. Gach la teann na buachailli ag iomaint ann no ag imirt peile. Bionn toradh maith as an gcleachtadh sin mar ta an chuid Craobh bainte amach acu. Ta athas orm go bhfuil an Priomh Oide nua agus a fhoireann scoile ag muscailt gra dos na cluichi Gaelacha ins na daltai anois agus cloisim go bhfuil ag eiri go maith leo.

Le roint bhlian ta uimhir na ndaltai sa scoil ag dul i meid agus d'reir gach deallraimh, beidh scoil nua ag teastail go gear sna bhlianta romhainn.

Cuimhneoidh me go deo ar an mbliain 1984. Bhi mo phort seinte. Bhi cuig bhliain is dachad caite agam ag muineadh. Chaith me naoi mbliain is fiche diobh i nGort Lomain, agus is feidir liom a radh gur bhain me aoibhneas is sonas as mo shaol ann.

Bhi na paisti dea-bheasach agus speis acu san oideachas. Ni raibh se deacair iad a mhuineadh mar bhi se soileir gur mhaith leo foghlaim agus sasta gach iarracht a dheanamh dul ar aghaidh agus iad fein a fheabhsu ins gach sli.

Molaim-se na tuismitheoiri a thug gach comh-oibriu dom san obair an-tabhachtach a bhi ar siul i Scoil Naisiunta Gort Lomain. Mura bhfuil speis ag na tuismitheoiri agus iad ag obair leis na muinteoiri, nil ann ach cailliuint aimsire. Is eol do chach go bhfuil dian-obair ag teastail chun dul i bhfeabhas.

Bhi an-bhron orm nuair a bhi orm an seomra ranga a fhagail, ach ta baint agam fos le muintir Ghort Lomain. Gach Domhnach leis na blianta freastailim Aifreann i nGort Lomain agus le cunamh De, leanfaidh me an fhaid is a bheidh an t-slainte agam.

Guim gach beannacht ar mhuintir Ghort Lomain, idir og agus sean agus go raibh an t-adh leo go leir sna bhlianta romhainn.

utente anonimo
#2  
18:42, 06 febbraio, 2008

DAI, VEDRAI CHE IL TUO COMPUTER SOPRAVVIVERA
Blogger: ladymorgana78 Contattami Guarda il mediablog (foto, audio e video) di questo utente. Blocca questo utente ladymorgana78
#1  
18:39, 06 febbraio, 2008

Sì, ma poi fallo indossare a lui il giubbotto! ;)
Blogger: LuceComeAria Contattami Guarda il mediablog (foto, audio e video) di questo utente. Blocca questo utente LuceComeAria

Scrivi un commento
Nome: utente anonimo
Blog:

Il tuo commento:

Puoi usare i seguenti tag HTML nei commenti: <a target="_blank"><b><i><br>

Scrivi le lettere che vedi nell'immagine qui sopra.

http://www.splinder.com/trackback/15834531

*Entra o Registrati per commentare con un tuo nick :)